Fáiltiú an Phríomhoide Principals Welcome
Tá Scoil Náisiúnta Chillín Liath suite ar bhruach abhainn na hUíne i gcroílár Ghaeltacht na Dromoda i nDeisceart Chiarraí. Tá an t-ádh linn a bheith ag obair agus ag foghlaim i gceantar atá saibhir i dtraidisiún, cultúr agus teanga.
Scoil Náisiúnta Cillín Liath is beautifully located on the banks of the River Inny in the heart of the Dromid Gaeltacht in South Kerry. We are privileged to teach and learn in a community that is rich in tradition, culture and language.
Is scoil Ghaeltachta DEIS tuaithe muid a chuireann timpeallacht shábháilte, chuimsitheach agus spreagúil ar fáil do gach páiste. Tá ár gclár tumoideachais i bhfeidhm ó 2017 agus tá sé le sonrú go soiléir i gcumas teanga agus muinín ár bpáistí óga. Cloistear Gaeilge go nádúrtha i ngach gné de shaol na scoile – sna ranganna, ar an gclós, ar pháirc na himeartha agus ag imeachtaí pobail.
Is í ár bhfís ná páistí atá muiníneach, cruthaitheach agus dátheangach a thabhairt chun cinn, páistí a bheidh bródúil as a bhféiniúlacht agus réidh don saol rompu.
Idir fhoireann agus thuismitheoirí, oibrímid le chéile chun ár ndícheall a dhéanamh ar son gach páiste áta linn sa scoil. Tá an t-ádh liom a bheith mar Phríomhoide agus mar iar-dhalta na scoile anseo, áit a bhfuil pobal na scoile ag iarraidh an sprioc chéanna a bhaint amach le chéile- foghlaim ghníomhach, leathan, spraíúil trí mheán na Gaeilge.
Tá foireann oscailte, bhríomhar, le taithí againn agus a mbíonn ag cur le foghlaim na bpáistí i slite difriúla, a aithníonn difríochtaí ár bpáistí. Tugtar oideachas iomláin do na páistí in éineacht le spórt, ceol, srl..
Tá an caidreamh idir an scoil, na tuismitheoirí agus an pobal fíorthábhachtach dúinn agus is mór againn an tacaíocht leanúnach a fhaighimid ó chách.
Is breá linn aithne a chur ar na páistí agus creidimid go láidir i mbuanna pearsanta a threisiú agus pobal scoile láidir a chothú ina bhfuil gach páiste sásta agus ag obair ar a gcumas féin.
Fáilte go dtí ár suíomh gréasáín agus tá súil agam go mbaineann sibh taitneamh as!
We are a Gaeltacht school with DEIS Rural status, providing a safe, inclusive and stimulating environment for every child. Since 2017, our infant classes have benefitted from a highly successful immersion programme and the progress in fluency and confidence is evident throughout the school. Irish is heard naturally in all aspects of school life, in classrooms, on the playground, on the sports field and at community events.
Our vision is to nurture confident, creative, bilingual young people who are proud of their identity and well prepared for the future.
Together, all our staff and parents work together to do our best for every child in our care. I am privileged to be Principal and past pupil of the school, where everyone works together to achieve our aim- to have our children learn actively and happily to achieve a wide, fun education through Irish.
We have a vibrant and experienced staff who encourage the children to learn while recognising our children’s individual needs. They provide a holistic education which includes sports, music etc.
Strong links between school, parents and the wider community are at the heart of what we do and we deeply value the continued support we receive.
It’s important to us to get to know every child in our school and we believe in supporting all children’s individual talents. We work hard to create a school where each child is happy and performing to the best of their ability.
Welcome to our website and we hope you enjoy it!
Fís & Ráisteas Misiún Vision & Mission Statement
Sé príomhchuspóir na scoile ná gach uile aicme den phobal a thabhairt le chéile i gcomhthionól foghlama – idir dhaltaí, thuismitheoirí, mhúinteoirí agus an Bórd Bainistíochta. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh an scoil ina háit shona, shlán agus shocair, áit ina bhfásfaidh gach páiste i muinín agus i bhféinmheas agus áit a mbeidh cothrom na féinne ann do chách.
Cothaímid forbairt iomlán an pháiste go spioradálta, go hintleachtúil, go sóisialta agus go fisiciúil. Táimid dílis dár n-éiteas Gaeltachta, ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga nádúrtha chumarsáide agus ag spreagadh bróid inár n-oidhreacht, ár gceantar agus ár gcultúr dúchasach.
Táimid tiomanta do mheabhairshláinte agus folláine na bpáistí, do chur chun cinn cruthaitheachta agus smaointeoireachta criticiúla agus do scileanna nua-aimseartha amhail litearthacht dhigiteach agus feasacht chomhshaoil. Tugaimid luach ar ghuth na ndaltaí agus tugaimid deiseanna dóibh a bheith páirteach i saol agus i gcinntí na scoile.
Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag obair i gcomhpháirt leis na tuismitheoirí, leis an bpobal áitiúil agus leis an bparóiste, ag cothú atmaisféar a thacaíonn le fás iomlánaíoch gach linbh.
The primary purpose of our school is to bring together all members of our community in a shared learning environment pupils, parents, teachers and the Board of Management. We aim for the school to be a happy, safe and calm place where every child grows in confidence and self-respect and where fairness is at the heart of everything we do.
We are committed to the full development of every child spiritual, intellectual, social and physical. As a Gaeltacht school, we promote Irish as the natural language of communication, and we nurture pride in our heritage, our locality and our cultural traditions.
We are dedicated to fostering pupils’ wellbeing and mental health, to encouraging creativity and critical thinking and to equipping them with modern skills such as digital literacy and environmental awareness. We value the voice of our pupils and provide opportunities for them to actively participate in the life and decisions of the school.
We recognise the importance of working in partnership with parents, the local community and the parish, creating an environment that supports the holistic growth of every child.

Instagram